Centenary Celebration

23 October 2012

Coláiste Bhríde in Ó Méith Mara – Ceiliúradh an Chéid (1912-2012)


Centenary


Rinneadh ceiliúradh mór ar bhunadh Choláiste Bhríde i mbliana in Ó Méith Mara féin agus in Iúr Chinn Trá le tréimhse anuas. Shaothraigh grúpa d’eagraíochtaí pobail as lámh a chéile le sraith ócáidí bríomhara a eagrú agus oidhreacht Choláiste Bhríde Ó Méith Mara a cheiliúradh: Cumann Staire Ó Méith, Ciorcal Comhrá Chorr na Muclach, Craobh an Iúir de Chomhaltas Uladh-Gaeláras Mhic Ardghail, Gaeltacht Oirdheisceart Uladh agus Cumann Lúthchleas Gael san áireamh. Imeachtaí sóisialta dátheangacha agus spóirt a bhí iontu den chuid is mó: léachtaí agus taispeántais a d’inis gnéithe de scéal Choláiste Bhríde, ceolchoirmeacha, seisiúin ceoil, siúlóidí stairiúla, rása currach, cluiche peile agus a thuilleadh lena chois, seanphictiúir d’Ó Méith – cuairt an Phiarsaigh mar shampla. Ar na haíonna mór le rá bhí an t-amhránaí Pádraigín Ní Uallacháin, uachtarán CLG Liam Ó Néill, Seán Óg Ó hAilpín, Colm O’Rourke, an Seanadóir Marie Louise O’Donnell agus go leor eile nach iad ann.


Centenary


Mar chuid den cheiliúradh cuireadh taispeántas breá le chéile agus tá an taispeántas anois ag déanamh camchuairt na Cúige. Bhí sé de phribhléid ag Coláiste Ollscoile Naomh Muire an taispeántas a fháil ar feadh seachtaine agus bhain na léachtóirí agus na mic léinn an-sult agus an-tairbhe as. Ar son fhoireann Roinn na Gaeilge, ba mhaith le foireann Roinn na Gaeilge ár mbuíochas ó chroí a ghabháil le Séamas Mac Dháibhéid a thug cead dúinn an taispeántas a chur in airde sa choláiste agus a roinn a chuid saineolais go fial linn. Mar dhlaíóg mhullaigh ar an cheiliúradh, thug mic léinn an Choláiste cuairt ar cheantar Oirghialla le léargas a fháil ar dhúchas teanga staire agus litríochta na háite.


Centenary


Ba é Éamonn Ó hUallacháin a bhí mar threoraí againn agus chaith na mic léinn lá tairbheach taitneamhach ina chomhluadar. Tá Éamonn ina shaineolaí ar gach gné dár saíocht agus acmhainn ghrinn aige leis! Is mór le foireann agus le mic léinn Roinn na Gaeilge sa choláiste an ceangal seo le ceantar ársa na Cúige a chothú agus a cheiliúradh.


Centenary Celebration of Omeath's Coláiste Bhríde

The GAA, Omeath Historical Society, Cornamuclagh Conversation Circle, Gaeltacht Oirdheisceart Uladh, Newry's Gaeláras and a number of other local bodies came together to celebrate the 100th anniversary of Omeath's Coláiste Bhríde. Guests included Pádraigín Ní Uallacháin, GAA President Liam Ó Néill, Seán Óg Ó hAilpín, Senator Marie Louise O’Donnell and many more.


Centenary


As part of the celebrations a very comprehensive and impressive exhibition was created and this has subsequently been travelling throughout Ulster. The College was delighted and privileged to accommodate the exhibition for a week, and the staff and students of the Irish Department were very appreciative for the opportunity to host this valuable exhibition. The staff of the Irish Department in the College wish to express their deep gratitude to Séamas Mac Dháibhéid who facilitated the visit of the exhibition to the College, and who generously shared this valuable resource.


Centenary


The final phase of the celebration was a guided tour of the Oriel district with Éamonn Ó hUallacháin as guide. Éamonn has unequalled knowledge of the area as regards the linguistic, literary and historical heritage and in addition, he is a very engaging and entertaining speaker with a terrific sense of humour to enhance his presentation.

< back to News Archive