eLearning For Irish-Medium Schools

4 December 2017


The following was the programme for a very successful conference held in St Mary's on
Wednesday, 29 November 2017.


Comhdháil Ríomhfhoghlama C2k

Bhailigh thar 70 ceannaire Gaelscolaíochta, idir phríomhoidí agus chomhordaitheoirí TFC agus litearthachta, i gColáiste Ollscoile Naomh Muire Dé Céadaoin, an 29 Samhain, faoi choinne Chomhdháil Ríomhfhoghlama C2k. Díríodh an Chomhdháil, arna héascú ag Coláiste Ollscoile Naomh Muire, CCEA agus C2k, ar ghnéithe éagsúla den fhoghlaim dhigiteach agus den oideachas comhroinnte i gcomhthéacs an Ghaeloideachais agus ba é an tOllamh Peter Finn, Coláiste Ollscoile Naomh Muire, a chuir fáilte roimh na toscairí. Ina dhiaidh sin, labhair Mark Baker, leas-Stiúrthóir an Údaráis Oideachais, arb é atá freagrach as an Ghaeloideachas, agus Jill Garland, ETI, lena raibh i láthair. Labhair Mark Baker ar ré úr san oideachas agus comhoibriú i réim d’fhonn na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach dár gcuid daoine óga agus chuir sé béim ar leith ar ról earnáil an Ghaeloideachais agus ar an soláthar faoi choinne foghlaim dhigiteach agus muid ag dul chun cinn. Dhírigh Jill Garland ar na hathruithe ó bhun atá ag titim amach san oideachas agus sa tsochaí i gcoitinne mar gheall ar fhorbairtí digiteacha agus ar an ghá atá ann d’oideachasóirí dul in oiriúint do na hathruithe seo. Cuireadh clabhsúr ar an chomhdháil le roinnt cnuas-seisiún mar ar imscrúdaíodh réimsí éagsúla den fhoghlaim agus den chomhoibriú dhigiteach i gcomhthéacs an Ghaeloideachais, agus muid ag dul chun tosaigh.

C2k IME Digital Learning Conference

More than seventy Irish-medium education (IME) leaders, made up of principals, ICT coordinators and literacy coordinators, gathered in St Mary’s University College on Wednesday, 29 November for the C2k IME Digital Learning Conference.

The conference, facilitated by St Mary’s University College, Council for the Curriculum, Examinations and Assessment (CCEA) and C2k, focused on various aspects of digital learning and shared education in the context of Irish-medium education.

Delegates were welcomed by Professor Peter Finn (Principal of St Mary’s) before being addressed by Mark Baker (Assistant Director in the Education Authority with responsibility for IME) and by Jill Garland (Education and Training Inspectorate).

Mark Baker spoke of a new era of co-operation within education to maximise outcomes for our young people, with a specific emphasis on the role of the Irish-medium sector and digital learning provision going forward.

Jill Garland emphasised the ground changes being introduced in education and society as a whole due to digital advances and the need for educators to adapt to these changes. The conference was brought to a close with several cluster group sessions examining different areas of digital learning and co-operation relevant to IME in the future.




Peter Finn, Liam Ó Flannagáin and Mark Baker




< back to News Archive