Roghnaíonn mic léinn oideachas trí mheán
na Gaeilge ag Coláiste Ollscoile Naomh Muire ar na fáthanna
thíosluaite :
- Tá borradh agus fás faoi scoileanna Lán-Ghaeilge
agus aonaid Lán-Ghaeilge ar fud na tíre agus tá
deiseanna gairmiúla den scoth ar fáil do mhúinteoirí
agus d’fhostaithe eile a oibríonn iontu.
“Amach anseo, ba mhaith liom
post a fháil i scoil lán-Ghaeilge agus ba mhaith
liom an Ghaeilge a úsáid agus mé ag teagasc
páistí ”
Máire Nig Uidhir, B.Oid.4
“ Tá mo chroí istigh
sa Ghaeilge agus ba mhaith liom bheith i mo mhúinteoir
Gaelscoile, go háirithe ós rud é go ndearna
mé féin freastal ar scoil lán-Ghaeilge.”
Duailtín Ní Mhianáin, B.Oid.4
- Is bealach suimiúil spreagúil trí chúrsa
Chéim an Oideachais bealach an Ghaeloideachais a thairgíonn
idir léargais phraiticiúla agus léargais
theoiriciúla ar na buntáistí agus
ar na dúshláin a bhaineann le foghlaim trí
mheán na dara teanga.
“ Bhí spéis i gcónaí agam
sa Ghaeilge agus sa mhúinteoireacht agus tá clú
agus cáil ar an chúrsa seo ag Coláiste Ollscoile
Naomh Muire” Charlene Ní Bhrádaigh,
B.Oid..4
- Beatha teanga í a labhairt agus léirítear
luach agus tábhacht na Gaeilge sa saol laethúil
agus mic léinn ag foghlaim agus ag teagasc trí
Ghaeilge. Níl bealach ar bith níos fearr le blas
a fháil ar bhuntáistí na Gaeilge.
“ Bhí suim riamh agam i gcultúr agus
i dteanga na Gaeilge. Tugann an chéim trí mheán
na Gaeilge deis dom tréimhsí a chaitheamh i scoileanna
Béarla agus i scoileanna Lán- Ghaeilge agus tugann
sí deis dom bheith ag foghlaim faoin oideachas dátheangach”
Joanne Nic Giolla Earna, B.Oid. 4
|